Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as a gcuid ráiteas agus ceisteanna. Tapóidh mé an deis seo le labhairt go gairid faoi mhíreanna eile ar chlár gnó Chomhairle Eorpach Mhí an Mhárta, lena n-airítear slándáil agus cosaint na hEorpa, imirce, cruinniú mullaigh an euro, sciath don daonlathas agus cosaint leanaí ar líne. Tháinig ceannairí le chéile i gcruinniú mullaigh an euro chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí eacnamaíocha agus airgeadais reatha agus tionchar na coinbhleachta leanúnaí sa Mheánoirthear agus i Murascaill…