Ar an gcéad dul síos, gabhaim buíochas leis na Daonlathaithe Sóisialta as an rún a thabhairt os comhair na Dála. Gan dabht, is iad costais fuinnimh an brú is mó atá ar theaghlaigh sa lá atá inniu ann. An choicís seo amháin, ag tosú Dé Luain, beidh breis agus milliún teaghlach i ndiaidh a gcuid billí fuinnimh a fheiceáil ag dul in airde. Seachtain i ndiaidh na cáinaisnéise, beidh an faoiseamh beag a gheobhaidh siad slogtha ag costais fuinnimh atá ag dul i méid. Anois, agus muid ag díriú isteach ar an gheimhreadh, ch…