Is dea-nuacht é sin. Mo bhuíochas leis an Aire go bhfuil sé ag buaileadh le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta le breathnú air seo agus ar na féidearthachtaí atá ann. Mar is eol dó, tá grúpaí éagsúla ann ar nós BÁNÚ agus Tinteán atá ag déanamh iarracht an cás seo a chur os comhair an phobail. An cás ná nach bhfuil tithíocht nó cead pleanála á fháil ag muintir na Gaeltachta agus go bhfuil sé deacair dóibh fanacht sa Ghaeltacht agus go mbeadh daonra óg sa Ghaeltacht freisin. Tá sé sin fhíorthábhachtach go háir…