Cuirim fáilte roimh an deis seo galtoitíní a phlé. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht isteach chuig an Seanad chun an t-ábhar tábhachtach seo a phlé linn. Mar is eol dúinn go léir, tá méadú mór tagtha ar úsáid na dtáirgí seo le blianta beaga anuas. Úsáideann daoine iad mar rogha eile ar thoitíní nuair atá siad ag iarraidh éirí as tobac a chaitheamh. Tugann fianaise le fios freisin go bhfuil daoine óga nár chaith toitíní riamh ag úsáid galtoitíní freisin agus is ábhar imní é seo. Tá fianaise leighis ag ta…