Mar a dúirt mé, tá mé féin agus an tAire, an Teachta Browne, ag obair go crua air seo. Nílim in ann dáta a thabhairt don Teachta ag an bpointe seo. Caithfidh mo Roinn agus an Roinn tithíochta teacht ar aontú faoin mbealach le dul. Tá sé tábhachtach go mbeidh scéim agus ráiteas pleanála againn a oibríonn ar an talamh. Tá a lán dúshlán ann. Caithfimid obair ar na dúshláin seo. Táimid ag obair air sin ach níl aontú ann go fóill idir mé féin agus an Aire, an Teachta Browne. Nuair atá an plean réidh, beimid in ann é a f…