Tá deiseanna iontacha ag teacht as Gaeilge365 maidir le húsáid na seirbhísí. Léiríonn sé seo go bhfuil suim againn sa Roinn oibriú le daoine a bhfuil ideas nua acu. Níl gach rud ar eolas againn sa Roinn, agus níl gach rud ar eolas againn sa Teach seo ach an oiread. Déanaim comhghairdeas le Daithí de Buitléir agus an fhoireann i nGaeilge365. Mar a dúirt sé, bíonn a lán rudaí ar siúl, cosúil le binse comhrá ina mbíonn binsí sa chomharsanacht áitiúil agus ar an trá. Tá an togra, snámh le spraoi, ann freisin. Baintear …