Aontaím go mór leis an Teachta. Beidh sé suimiúil é sin a phlé lá eile. Faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge i mo Roinn, cuirtear maoiniú suntasach ar fáil do thionscnaimh éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht. Déantar sin trí eagraíochtaí, lena n-áirítear Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Gaeloideachas, Gael Linn agus Oireachtas na Gaeilge. Faigheann na heagraíochtaí sin a mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tugann mo Roinn maoiniú breise dóibh le haghaidh tionscnaimh straitéiseacha ch…