De réir anailíse ó thionscadal One Million Homes, atá foilsithe inné, tá easnamh de 12,635 teach sna ceantair Ghaeltachta. Tá pobail Ghaeltachta gan a dhóthain páistí chun scoileanna áitiúla a choinneáil oscailte, gan trácht ar chumainn spóirt a choimeád beo. Ó 2015 i leith, níor tógadh ach 1,250 teach ar fud na Gaeltachta. Ag an ráta sin, léiríonn an anailís chéanna go mbeidh easnamh de thart ar 32,000 teach sa Ghaeltacht faoi 2036. Le deich mbliana anuas, tógadh díreach 36 teach i nGaeltacht na nDéise i bPort Lái…