Gabhaim buíochas leis an Aire Oideachais as ucht an t-am seo a thabhairt dom labhairt ar an ábhar seo, atá thar a bheith tábhachtach domsa. Mar is eol dúinn go léir, ní gnáthrud é go mbeadh seans ag cúlbhinseoir Rialtais labhairt ar Ghnó Príobháideach de chuid an Fhreasúra. Gabhaim buíochas freisin le Sinn Féin as a chuid ama a thabhairt chun an cheist seo a phlé. Aithním go háirithe an Teachta Ó Snodaigh ní hamháin as an méid a dúirt sé anocht, ach as an obair atá déanta aige le blianta anois ar son na Gaeilge, ch…