Aontaím leis an méid deireanach a bhí le rá ag an Aire. Tá sé orainn ar fad cuidiú leo siúd nach bhfuil Gaeilge líofa acu an Ghaeilge sin a úsáid agus tacú leo agus iad ag dul ar thuras foghlama na Gaeilge in athuair nó den chéad uair. Tá súil agam go bhfuil an ceart ag an Aire go mbeidh níos mó díobh sin nach bhfuil an mhuinín acu an Ghaeilge a úsáid anseo an bhliain seo chugainn agus muid ag tabhairt faoi na ráitis seo. Bíonn na ráitis seo againn gach uile bhliain. Anuraidh, bhí sé go hiontach an oiread sin Gaeil…